Aiseiri by Alex Hijmans
Author:Alex Hijmans [Hijmans, Alex]
Language: gle
Format: epub
ISBN: 978-1-907494-02-4
Publisher: Cois Life Teoranta
–
Theip uirthi, fiú amháin, a oibriú amach cén chaoi ar éirigh léi caoi a chur ar an diabhal inneall espresso sa deireadh. Ní raibh brú ar bith fágtha ann nuair a bhain sí Aiséirí amach – bhí an tsnáthaid ag náid. Bhain sí triail as gach ceann de na cnaipí. Chas sí an t-inneall as agus air arís. Sheiceáil sí píobáin an uisce. Sa deireadh chuir sí féin glaoch ar Naoise agus d’fhág teachtaireacht chantalach. Díreach nuair a chroch sí suas an fón chuala sí torann ard a bhí cloiste go minic cheana aici: torann an innill espresso ag tógáil uisce isteach. Ar éigean a chreid sí an scéal nuair a chonaic sí an tsnáthaid ag ardú ó náid go dtí a haon, óna haon go dtí a dó, go dtí go raibh sé ag nócha.
Ach ba í ceist an innill ba lú a bhí ag cur as di. Cén fáth a raibh Alex chomh maslaithe, amhail is go raibh cor á chur aicise, go pearsanta, sa chinniúint? Céard a bhí ann, ag deireadh an lae, ach cúpla pionta agus pizza? Níor iarr sise air an grúpa damhsóirí úd a fhágáil. A chinneadh féin a bhí ansin. Ar an lámh eile, ní fhéadfaí a shéanadh go raibh an rud ar fad an-rómánsúil. Ní dhearna fear ar bith eile íobairt mar sin riamh di. Ansin tháinig craiceann lonrach donn Alex agus a chuid gruaige, a bhí chomh dubh go raibh sé beagnach gorm, isteach ina haigne, agus níor fhág siad. Mhothaigh sí amhail is nach raibh a súile ach dúnta aici nuair a dhúisigh glór srónach an léitheora nuachta ar Raidió na Gaeltachta as a cuid brionglóidí í.
‘Tá sé a seacht a chlog ar maidin agus seo iad na cinnlínte nuachta, á léamh ag….‘
Thug sí buillle chomh láidir sin don chlog aláraim gur leaindeáil an rud mallaithe i lár urlár a seomra codlata. Ní hamháin go raibh díomá agus tuirse an domhain uirthi, bhí uirthi an caifé a oscailt. Thóg sí cith sciobtha agus tharraing a cuid éadaí uirthi.
Cúig nóiméad déag ina dhiaidh sin bhí na cathaoireacha á mbaint anuas de na boird aici. Ba bheag nár chiceáil sí ceann acu trasna urlár an chaifé nuair a chonaic sí an chistin. Ba léir go raibh deifir abhaile ar Rory agus Jim aréir: bhí an áit ina chac. Ní raibh an gríoscán glanta, ní raibh pota mór an anraith nite agus, níos measa ná rud ar bith eile, ní raibh oiread is tuáille tae tirim san áit. Bhí an mála mór do na tuáillí tae salacha ag cur thar maoil agus bhí boladh bréan uathu. An é sin an buíochas a bhí tuillte aici i ndiaidh di a hoíche amuigh a mhilleadh? D’íosfadh sí an cloigeann díobh nuair a thiocfaidís isteach ag a sé.
Norma-Jean a bhí ag obair léi i rith an lae. Níor thóg sé i bhfad uirthi sin a oibriú amach go raibh drochghiúmar uirthi.
‘Céard atá cearr leat?’ a scairt Norma-Jean anall ó chuntar an innill espresso nuair a chaith Rebekka babhla isteach sa doirteal de ráig.
Download
This site does not store any files on its server. We only index and link to content provided by other sites. Please contact the content providers to delete copyright contents if any and email us, we'll remove relevant links or contents immediately.
| Anthologies | Short Stories |
The Tidewater Tales by John Barth(12639)
Kathy Andrews Collection by Kathy Andrews(11793)
Tell Tale: Stories by Jeffrey Archer(9012)
This Is How You Lose Her by Junot Diaz(6855)
The Mistress Wife by Lynne Graham(6465)
The Last Wish (The Witcher Book 1) by Andrzej Sapkowski(5443)
Dancing After Hours by Andre Dubus(5267)
The Sympathizer by Viet Thanh Nguyen(4370)
Be in a Treehouse by Pete Nelson(4017)
The Secret Wife by Lynne Graham(3901)
Maps In A Mirror by Orson Scott Card(3877)
Tangled by Emma Chase(3738)
Ficciones by Jorge Luis Borges(3614)
The House on Mango Street by Sandra Cisneros(3449)
A Knight of the Seven Kingdoms by George R R Martin(3299)
Girls Who Bite by Delilah Devlin(3242)
You Lost Him at Hello by Jess McCann(3056)
MatchUp by Lee Child(2867)
Once Upon a Wedding by Kait Nolan(2779)